DUANAIRE MO MHUINTIRE PLÉ AGUS SCAGADH AR FHILÍOCHT AN DIREÁNAIGH
17 September 2010, 05:30PM - 09:00PM
Imram2010Saorchead isteach/ admission free
In association with City Arts
THE POEM-BOOK OF MY PEOPLE: A ROUND-TABLE DISCUSSION
ON THE POETRY OF MÁIRTÍN Ó DIREÁIN
Aithnítear go forleathan go raibh an Direánach ar dhuine de na
filí Gaeilge ba mhó tionchar sa chéad seo caite. Is cuid dár
bhféiniúlacht shíceach anois é, dar le Nuala Ní Dhomhnaill.
Rugadh in Inis Mór, Árainn é, ar an 29 Samhain 1910. Níor
thosaigh sé ar fhilíocht a scríobh go dtí an bhliain 1938, tar éis dó
aistriú go Baile Átha Cliath. Bheadh a thaithí mar oileánach sa
chathair mar bhonn lena chritíc ar an nua-aoiseachas, téama
láidir ina chuid filíochta. Chuir íomhánna tírdhreachúla (an mhuir,
an chloch, an charraig, an crann, an chré) le loime na hinsinte aige.
Faoi bhun na saorvéarsaíochta aige bhí cuisle na teanga beo
agus tinfeadh an traidisiúin. Cúis mhórtais do IMRAM i mbliana
plé a dhéanamh ar an Direánach, ar a shaothar agus an tionchar
a bhí aige orainn. Fiafróidh Caitríona Ní Chléirchín, Gréagóir
Ó Dúill, Mícheál Mac Craith agus Liam Mac Amhlaigh dínn an
bhfuil an coincheap sin den tírdhreach mar dhuanaire mo
mhuintire bailí i gcónaí. Craolfar an plé beo ar an ngréasán de
chuid City Arts.
Máirtín Ó Direáin is widely acknowledged as one of the most
influential poets in twentieth-century Irish literature. Nuala Ní
Dhomhnaill has spoken of how 'we have taken him into our skins,
he's part of our psychic entity now'. Tonight IMRAM presents a
round-table exploration of Ó Direáin's work - with poets and
critics Caitríona Ní Chléirchín, Gréagóir Ó Dúill, Mícheál Mac
Craith and Liam Mac Amhlaigh - asking if his concept of the
landscape as 'duanaire mo mhuintire' (the poem-book of my
people) still resonates in today's Ireland. This discussion will be
broadcast live as a web-cast in association with City Arts.
Venue
The Grapevine, City Arts, 15 Bachelors Walk, Dublin 1




