THE PRAIRIE GAELTACHT - GAELTACHT NA bhFÉARTHAILTE
20 September 2010 - 21 September 2010, 07:00PM - 09:00PM
Seamas CainTHE PRAIRIE GAELTACHT
GAELTACHT NA bhFÉARTHAILTE
In association with City Arts
'Is cuimhin liom tréada buabhall ar na féarthailte, capaillíni gleoite na nIndiach... na cadhóiti ag caoineadh agus an lá ag dul ó léas...' Guth de na guthanna ó Ghaeltacht na bhFéarthailte.
Athmhúsclaíonn Séamas Cain Ceann de Ghaeltachtaí an Oileáin Úir dúinn. Tharraing Séamas as comhráite a bhí aige lena sheantuismitheoirí, le gaolta agus cairde, chun iniúchadh a dhéanamh ar Ghaeil Mheiriceá, na teaghlaigh, an teanga, an talamh. Trí gnáthchaint fhileata na ndaoine cuirfimid eolas ar ár ndiaspóra i Minnesota. D'fhoghlaimíodar ó na treibheanna dúchais cá raibh na sútha talún ba mhilse ag fás agus cad iad na héin ba bhlasta le seilg. Duine de na daoine sin ab ea Thomas Burke, deartháir an státaire Edmund, ar a theitheadh go dtí coilíneachtaí na nGael i Minnesota. Gheobhaimid léargas ar theacht na haibhléise go sráidbhaile Murdock sa bhliain 1922. Cloisfimid scéalta faoi chomhar na gcomharsan i measc mhuintir Chonamara ann, útóipe shoisialach mar aisling acu, fidleirí, damhsóirí, na Molly Maguires, síobadh sneachta, dreoilíní teaspaigh a mhill an fómhar - néalta feithidí a d'íosfadh do bhuataisí ort!
Drawing on his own conversations with relatives, Séamas Cain's The Prairie Gaeltacht probes deep into family, land and language. We are brought from the time of the wagon trains to the day electricity arrived in the village of Murdock in 1922. We hear of the communitarian Connemaras and their vision of a Gaelic utopia in Minnesota; of fiddlers at dances; of crop failures, snowstorms, and swarms of grasshoppers that would eat a man's boots! The Prairie Gaeltacht is an extraordinary bi-lingual journey into a haunting past. Actors from TíAitreo will re-create in Irish the words of Séamas Cain's grandparents and friends, whilst Cain will narrate in English.
Cead isteach/Adm €10
Bi-lingual event




